skip to main content

Thall ‘s Abhus

Fiach Image Name: Fiach Description: Singer songwriter Fiach, or Fiach Moriarty Copyright: Fiach
Fiach Image Name: Fiach Description: Singer songwriter Fiach, or Fiach Moriarty Copyright: Fiach
Sinéad Ní Uallacháin Image Name: Sinéad Ní Uallacháin Description: Sinéad Ní Uallacháin Copyright: RTÉ

Is é an t-amhránaí Fiach a bheidh i mbun comhrá le Sinéad Ní Uallacháin ar an gclár maidin inniu.  As Baile Átha Cliath ó dhúchas d’Fhiach, agus d’eisigh sé a chéad albam So I sa bhliain 2010 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin.  Ar an gclár inniu tugann sé a thuairim dúinn ar X Factor agus comórtais eile dá leithéid, agus tá comhairle aige do cheoltóirí óga ina leith.  Labhrann sé faoina chuid ceoil féin, agus faoin mbaint a bhí aige le halbaim Sheachtain na Gaeilge le blianta beaga anuas, agus cloisfimid a rogha ceoil.  Beidh cur síos ar an gclár ar phíosa ealaíne freisin, mar a bhíonn gach seachtain, agus caithfidh Sinéad súil ar na páipéir.

Dublin singer songwriter Fiach is Sinéad Ní Uallacháin’s guest on this morning’s programme.  Fiach released his debut album So I in 2010 and has been going from strength to strength since then.  Today, he talks to Sinéad about his opinion on reality competitions such as X Factor, and has some advice for young musicians on the matter.  He talks about his own music, his involvement with the Seachtain na Gaeilge CDs over the last few years, and we will also hear his choice of music.  The programme will include its regular feature focusing on a particular piece of art, and Sinéad brings us the headlines from the morning’s papers.