skip to main content

Ceol na mBan

Mary Corcoran Image Name: Mary Corcoran Description: Mary Corcoran Copyright: Forefront/TG4
Cití Seán Ní Chuinneagáin Image Name: Cití Seán Ní Chuinneagáin Description: Cití Seán Ní Chuinneagáin Copyright: Cití Seán Ní Chuinneagáin
Bernadette Nic Gabhann Image Name: Bernadette Nic Gabhann Description: Bernadette Nic Gabhann Copyright: Bernadette Nic Gabhann
Méabh Ní Thuathaláin Image Name: Méabh Ní Thuathaláin Description: Méabh Ní Thuathaláin Copyright: RTÉ

An tseachtain seo sa tsraith seo faoi mhná i saol an cheoil thraidisiúnta in Éirinn, labhrann an láithreoir Méabh Ní Thuathaláin le Bernadette Nic Gabhann, Cití Seán Ní Chuinneagáin agus Mary Corcoran faoin fhidil.  Labhrann Bernadette faoi stíleanna ceoil, agus an ceangal láidir atá idir iad agus ceantair faoi leith agus muintir na dúiche.  Cluinfimid ó Chití Seán, bean as Teileann in iardheisceart Dhún na nGall a bhfuil an-dúil aici sa cheol ach nár sheinn uirlis ceoil ariamh mar nach raibh siad le fáil go fairsing ag an am.  Insíonn an fidléir Mary Corcoran as Baile Átha Cliath dúinn faoin bhaint a bhí aici leis an ghrúpa ceoil Macalla, grúpa d’os cionn scor ceoltóir ban a tháinig le chéile sna hochtóidí chun gigeanna a dhéanamh.  Cluinfimid dreas port ó Bhernadette, Cití agus Méabh i mbun portaireacht béil,  agus ceol on taifead breá a rinne Macalla siar sna hochtóidí dár teideal ‘Mná na hÉireann’.

 
This week in the third programme in this series about women in traditional music, presenter Méabh Ní Thuathaláin speaks to Bernadette Nic Gabhann, Cití Seán Ní Chuinneagáin and Mary Corcoran about the fiddle.  Bernadette discusses musical styles with Méabh, and their strong regional links.  Cití Seán from Southwest Donegal speaks to us about her love for music, although she never had the opportunity to learn a musical instrument when she was growing up due to their scarcity at the time.  Dublin fiddler Mary Corcoran talks to us about the women’s traditional group Macalla formed in the eighties, with more than 20 women musicians.  We will hear music from the guests, and some lilting from Cití Seán, as well as tracks from the album ‘Mná na hÉireann’ by Macalla, during the programme as well.