skip to main content

Scéalaíocht: Fadó agus go deo

Máiréad Uí Dhomhnaill Image Name: Máiréad Uí Dhomhnaill Description: Máiréad Uí Dhomhnaill Copyright: RTÉ RnaG/Seán Ó Mainnín

An t-aos óg agus an scéalaíocht, agus todhchaí an traidisiúin, na hábhair a bheidh idir chamáin ar chlár an lae inniu sa tsraith seo faoi ealaín agus traidisiún na scéalaíochta.  Cloisfimid faoi thogra atá ar bun i gCorca Dhuibhne, áit a mbíonn ochtar scéalaí áitiúil ag tabhairt cuairte ar na bunscoileanna.  Beidh Gearóidín Breathnach as Rann na Feirste ag insint dúinn faoin scéim `Ó Bhéal go Béal’ sna scoileanna i nDún na nGall.  Tabharfaidh Mairéad Uí Dhomhnaill cuairt ar Ghaelscoil Bhaile Munna i gcuideachta an scéalaí Aedín McBride, agus faoi dheireadh cloisfimid faoin méid atá ar siúl i gConamara don óige agus beidh an scéal deireanach sa tsraith le cloisteáil againn ó Faye Ní Chionnaith, 5 bliana.  Léiriú agus láithriú le Mairéad Uí Dhomhnaill.  Léiríodh an clár seo le maoiniú ó Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus urraíocht ó Fhoras na Gaeilge.

The storytelling tradition among young people and into the future are the topics that will be addresses in the programme today, the final one in the series.  We will learn about projects in schools in Kerry, Donegal and Connemara.  The programme presenter will visit a Gaelscoil in Ballymun with storyteller Aedín McBride, and we will finish with the final story in the series, told to us by Faye Ní Chionnaith (5).  Presented and produced by Mairéad Uí Dhomhnaill.  This series has been funded by the BAI’s Sound and Vision scheme, and received sponsorship from Foras na Gaeilge.