skip to main content

Raidió na Gaeltachta 40 Bliain faoi bhláth

Máirín Nic Con Iomaire Image Name: Máirín Nic Con Iomaire Description: Máirín Nic Con Iomaire Copyright: RTÉ

Mar chuid de cheiliúradh 40 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta, reáchtáladh seimineár poiblí a rinne scrúdú ar fhís agus ar ar fheidhm na seirbhíse ó 1972.  Scrúdaigh léachtóirí ó ollscoileanna éagsúla in Éirinn gnéithe de chraoladh an stáisiúin agus an tionchar atá aige ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge.  Rinne painéal eile scagadh ar a bhfuil bainte amach ag Raidió na Gaeltachta, agus na dúshláin atá roimhe sa lá atá inniu ann.  Sa tsraith seo, cloisfimid cuid de na cainteanna ón tseimineár, agus cuid den phlé ón urlár.  Inniu, cloisfimid an píosa cainte a thug Róisín Nic Dhonncha ‘An Ceol Dúchais agus an Chraoltóireacht – Oidhreacht Ceathracha Bliain’.  Láithriú agus léiriú le Máirín Nic Con Iomaire. 

As part of Raidió na Gaeltachta’s 40 year celebrations this year, a seminar was held in Connemara to examine the role and the work of the service since 1972.  Lecturers from universities all over the country spoke on the station’s output, and its influence on Gaeltacht and Irish-language communities.  In this series we will hear some of the lectures from the seminar, as well as the discussion which followed with those attending the event.  Today, we will hear Róisín Nic Dhonncha’s talk, and the discussion that followed, on traditional music and broadcasting over the last 40 years.  Presented and produced by Máirín Nic Con Iomaire.