skip to main content

Scéalaíocht: Fadó agus go deo

Micheál Ó Conghaile Image Name: Micheál Ó Conghaile Description: Micheál Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht Copyright: Cló Iar-Chonnacht
Caitríona Hastings Image Name: Caitríona Hastings Description: Caitríona Hastings, le Andrew Whitson agus Caitríona Nic Seáin Ón tSnáthaid Mhór, le Gradam Réics Carlo 2012 Copyright: Bord na Leabhar Gaeilge

Is é ‘Ó bhéal go peann go dlúthdhiosca go DVD’ téama an chláir inniu, a chaithfidh súil ar an athrú atá tagtha ar an scéalaíocht le blianta anuas agus na scéalta anois á dtaifead ar bhealaí éagsúla.

Beidh Micheál Ó Conghaile, údar agus foilsitheoir le Cló Iar-Chonnacht, ag caint faoi chuid d’fhoilseacháin an chomhlachta. Míneoidh Caitríona Hastings, Léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, dúinn cén fáth go síleann sise gur fiú go mór na sean-scéalta a chur ar fáil ar bhealaí nua-aimseartha do phobal na linne seo. Tá mórchuid duaiseanna buaite ag an gcomhlacht foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór, a bhunaigh an t-ealaíontóir Andrew Whitson agus Caitríona Nic Sheáin. Tá Caitríona i bpáirt leo le tamall de bhlianta anois, agus an mhí seo caite fógraíodh go raibh Gradam Réics Carlo – leabhar na bliana do pháistí – buaite acu don leabhar Ó Chrann go Crann. Tá bailiúchán de scéalta le Mhicí Bán Ó Beirn as Teileann curtha ina eagar ag Micheál Mac Giolla Easbuic, agus labharfaidh Pól Ó Muirí linn faoin tábhacht a bhaineann leis an saothar seo. Léiriú agus láithriú le Mairéad Uí Dhomhnaill. Léiríodh an clár seo le maoiniú ó Scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, agus urraíocht ó Fhoras na Gaeilge.
This series about the art and tradition of storytelling looks today at the changes brought by the development of new media such as CD and DVD. Whereas storytelling used to be an oral tradition, and meant that stories had to be memorised, this is no longer the case.

On the programme today Mairéad Uí Dhomhnaill speaks to publisher Micheál Ó Conghaile about some of the publications his company, Cló Iar-Chonnacht, has brought out on CD and DVD, for example. She will also be speaking to author Caitríona Hastings about her work in this area, in particular with publishing company An tSnáthaid Mhór, who last month won the Gradam Réics Carlo prize for Irish-language children’s book of the year for Ó Chrann go Crann. A collection of the stories of Micí Bán Ó Beirn from Teileann in Donegal was published a few years ago, and Pól Ó Muirí will speak to us about its importance. Presented and produced by Mairéad Uí Dhomhnaill. This series has been funded by the BAI’s Sound and Vision scheme, and received sponsorship from Foras na Gaeilge.